martes, 13 de agosto de 2013

Éireannach (22) básaithe fad is a bhí sé ar saoire in Ibiza

Táthar le scrúdú iarbháis a dhéanamh inniu nó amárach ar chorp fir, as Éirinn, a bhásaigh fad is a bhí sé ar saoire in Ibiza.

Bhásaigh Paul Guidon (22), as Cluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath ó dhúchas, san oíche Dé Sathairn seo caite agus gan é ach tar éis teacht chuig an oileán uaireanta an chloig roimhe sin.

Bhí triúr dá chairde ina theannta freisin. Ní fios go fóill céard ba chúis lena bhás ach táthar le scrúduithe a dhéanamh le hiarracht a dhéanamh breis eolais a fháil.


Irlandés de 22 años muere mientras está de vacaciones en Ibiza

(*traducción aproximada) Se va a hacer hoy o mañana una autopsia del cadáver de un hombre de Irlanda que murió mientras se encontraba de vacaciones en Ibiza.

Paul Guidon, de 22 años, originario de Cloandalkin (Dublín), murió la noche del sábado pasado cuando solo llevaba unas algunas horas en la isla.

Tres amigos le acompañaban. Aún no se sabe que causó la muerte pero se tratará de obtener más información con la autopsia.


No hay comentarios:

Publicar un comentario